Loading

Cuairt ar Ulaidh

Tagann na mílte daoine go hUladh gach bliain mar chuid dá laethanta saoire. I measc na rudaí a tharraingíonn daoine chuig an áit seo atá suímh stairiúla a bhfuil baint acu leis an Chúige. Is dócha gurb é Clochán an Aifir an ceann is mó cáil. Cuireann na colúin mhóra basailt orgán eaglaise i gcuimhne do chuid mhaith daoine. Ní fada ón Chlochán, ag amharc amach ar an mhuir Atlantach, atá an baile beag de Phort Rúis, Contae Aontroma.

Is iomaí cuairteoir a théann chun na Beanna Boirce a fheiceáil. Cumadh neart amhrán agus pictiúr faoi na sléibhte clúiteacha seo, is minic a théann daoine ann chun an radharc galánta sin a fheiceáil. Rollann siad anuas ar na bailte beaga de Chontae an Dúin, Caisleán Nua mar shampla, agus is ceann de na radhairc is áille in Éirinn go fiú é.

Ag dul siar chuig áit shuimliúil eile atá an Pháirc Phobail Ultach - Meiriceánach i gContae Tír Eoghain. Ní fada an pháirc ón bhaile beag gnóthach an Ómaigh. Tá taispeántas speisialta ag an pháirc a insíonn scéal na himirce de na mílte Ultach a chuaigh go Meiriceá sa Naoú Céad Déag. Cuirtear saol agus aistear na ndaoine sin i láthair ar dhóigh speisialta.

Tá locha i gContae Fhear Manach cosúil le maighnéad do na mílte. Is féidir bádóireacht, iascaireacht nó páirt a ghlacadh i spóirt uisce ar Loch Éirinn. Fanann cuid mhaith daoine in Innis Ceithleann, baile atá cóngarach don loch.

Credits:

Created with images by PaulHampshire - "giants causeway northern ireland antrim" • darrenquigley32 - "lough tay lake ireland"