Loading

Ag Léim ar an Leaba

Amharc, seo Daidí. Tá Daidí ag obair sa ghairdín.

Amharc, seo Ricí. Tá Ricí ag obair ar scoil.

Amharc, seo Nóra. Tá Nóra ag obair ar scoil fosta.

Amharc, seo Mamaí. Tá Mamaí ag obair.

Amharc, seo Babaí. Cá bhfuil Babaí?

Tá Babaí sa teach.

Tá sé ag léim ar an leaba sa teach.

Is maith le Babaí léim ar an leaba. Tá sé sásta.