Loading

An Préachán

Tá aithne ag gach duine ar an phréachán. Níl ceol binn aige mar atá ag an dreoilín, an spideog nó an smólach. Ní bhíonn sé mar pheata ag daoine faoi mar a bhíonn an phearóid, an phearaicít nó an canáraí. Ach mar sin féin, is éan deas é.

Is éan mór é an préachán. Bíonn cóta dubh lonrach air. Faoin chóta sin, bíonn an craiceann chomh bán le sneachta. Bíonn gob láidir air agus cosa láidre faoi.

Déanann an préachán a nead i mí an Mhárta. Ar chrann ard a dhéanann sé í. Is minic a thagann sé ar ais go dtí an nead chéanna achan bhliain. De chipíní agus de chré a bhíonn an nead déanta agus bíonn olann, fionnadh agus clúmh inti chun í a dhéanamh te agus compordach.

Is minic a bhíonn troid idir na préacháin nuair a bhíonn siad ag déanamh na nead. Goideann siad cipíní agus rudaí eile óna chéile. Má thugann an préachán faoi deara gur goideadh rud ar bith uaidh, tosaíonn sé ag béicigh agus ag screadaíl. Ansin, má bhíonn an seans aige, goideann sé ar ais é.

Nuair a bhíonn an nead déanta, beireann an chearc a ceathair nó a cúig d’uibheacha. Fanann sí ar gor orthu go dtí go dtagann na éin óga amach.

Bíonn áthas mór ar an dá sheanphréachán nuair a thagann na héiníní óga as na huibheacha. Caitheann siad an lá ar fad ag bailiú bia dóibh. Obair chrua atá ann mar bíonn ocras mór orthu. Cuiteoga agus ciaróga is mó a itheann siad. Muna mbíonn go leor díobh sin le fáil, goideann na seanphréacháin síolta agus prátaí beaga as an talamh.

Bíonn an feirmeoir crosta leo mar gheall air sin agus tógann sé fear bréige leis an ruaig a chur orthu. Ach ní ceart don fheirmeoir dearmad a dhéanamh ar na mionbheithígh a itheann na préacháin. Dhéanfadh siad siúd i bhfad níos mó damáiste do bharra an fheirmeora ná mar a dhéanfadh an préachán bocht.

Credits:

Created with images by Alexas_Fotos - "crow raven bird black" • Unknown - "Scarecrow Free Stock Photo - Public Domain Pictures"