Tá gráinníní beaga dathaithe i gcraiceann gach duine. Tugtar meilinin ar an dathú sin. Tá craiceann dorcha ag na daoine a bhfuil a lán meilinine acu sa chraiceann agus tá craiceann geal ag daoine nach bhfuil ach cuid bheag meilinine acu.
I gcuid daoine, tá an mheilinin seo bailithe le chéile i spotaí. Tugtar bricíní ar na spotaí sin.
Bíonn bricíní ag cuid daoine nuair a thagann siad ar an saol. Faigheann cuid daoine eile iad nuair a théann siad amach faoin ghrian.
Amharc go cúramach ar do chraiceann féin. An bhfuil tusa bricíneach?
Credits:
Created with images by Foundry - "face eye girl" • Viki_B - "boy face portrait"