Loading

Zombaí-Apacailipsis

Chuala mé Daidí ag caint air ar dtús; nuacht ó Mheiriceá, na mairbh ag teacht ar ais agus ag déanamh ionsaithe ar an bheo.

“Nuacht bhréagach,” a dúirt Mamaí ag an am. “Poiblíocht do scannán nó sraith nua Netflix atá ann.”

Ach tháinig na scéalta céanna ó thíortha eile go gairid: Londain an chéad cheann eile, ansin Páras, Beirlin, an Róimh, Maidrid….Taobh istigh de chúpla lá, bhí scéalta faoin mharbh ag teacht ar ais beo agus iad ag marú cibé duine a d’fheicfeadh siad.

Ansin, go tobann, stop an nuacht ó Mheiriceá, taobh istigh de chúpla uair ní raibh nuacht ar bith ag teacht ó thír ar bith eile. Bhí na raflaí achan áit……zombaí apacailipsis!!

Ansin tháinig nuacht ó Bhaile Átha Cliath….an chéad chás.

Ní dheanfaidh mé dearmad air go deo, tá na híomhánna dóite isteach i mo chuimhe. Tháinig splanc nuachta aníos ar an teilifís nuair a bhí mé ag amharc ar chartúin. Stop gach duine le hamharc air, pictiúir ó héileacaptar d’fhear i mBaile Átha Cliath a bhí i dtimpiste cairr. Bhuail an carr crann agus bhí sé scriosta ar fad; ní thiocfadh le duine ar bith bheith beo i ndiaidh a leithéid de thimpiste. Tháinig an t-otharcharr, ghlac siad an fear marbh amach as an charr agus chuir siad é ar shínteán. Nuair a bhí an paraimhíochaineoir ag lúbadh thart air leis na criosanna a fháisceadh thart air, mhúscail an fear agus thosaigh sé ag ithe mhuineál an fhir bhoicht a bhí ag iaraidh cuidiú leis. AG ITHE MUINÉAL S’AIGE!!

Thosaigh an turasóir ag screadáil ón héileacaptar nuair a chonaic sé an fear marbh ag éirí, fuil thart ar a bhéal, agus é ag dul sa tóir ar an paraimhíochaineoir eile, a bhí ag iarraidh an t-otharcharr a thosú. Ansin chuaigh gach rud dubh!!

Ba léir go raibh Mamaí agus Daidí buartha anois.

“Rachaidh muid le stopadh le hUncail Aodhán i dTír Chonaill ar feadh cúpla lá go dtí go bhfuil an amaidí seo uilig thart,” arsa Daidí. “Ní dóigh liom go mbeidh muid slán anseo i mBéal Feirste.”

Ach ba mhó an anbhá a bhí ar Mhamaí nuair a tháinig sí ar ais ón siopa.

“Tá na seilfeanna uilig lom,” ar sise go buartha le Daidí. “Níl rollaí leithris nó pasta nó rís ar bith le fáil. Ní thiocfadh liom a dhath a fháil ach na cannaí seo.”

Bhí dhá mhála lána ag Mamaí de channaí: súp, pónairí, piseanna, spaigití….cibé cannaí a bhí fágtha sa siopa.

“Déanfaidh cibé rud atá agat cúis,” arsa Daidí. “Stopfaidh muid ar an bhóthar lena thuilleadh a fháil.”

Ach níor stop!! Faoin am a bhí muid réidh le himeacht, bhí raflaí ag dul thart go mbeadh an Taoiseach ag fógairt DIANGHLASÁIL, is é sin, gan cead ag duine ar bith an teach a fhágáil.

Níl a fhios agam an ndearna muid an rud ceart, ach seo muid anois ar ár mbealach go Tír Chonaill le stopadh le deartháir Dhaidí, Uncail Aodhán. Tá cónaí air i Rath Maoláin, i dteach ollmhór leis féin ar thaobh cnoic gan comharsa ar bith aige ar feadh na mílte. Ní bheidh a fhios ag na zombaithe cá bhfuil muid agus, má thagann siad, feicfidh muid iad ag teacht go luath.

Beidh muid réidh don Zombaí-Apacailipsis……

Credits:

Created with an image by athree23 - "horror halloween eye"