Loading

Eachtra sa Leabharlann

“Nach dtógann tú leabhar in am ar bith, a Liam?” a dúirt mo Dhaidí liom nuair a bhí mé ar an leibhéal deireanach de Stoirm Thoirní, an cluiche is fearr ríomhaire riamh! Chuir sé an ruaig orm ón teach agus dúirt sé liom leathuair a chaitheamh sa leabharlann, ag léamh!

D’imigh mé liom ón teach agus fuair mé an bus síos an bóthar. Bhí imní orm go bhfeicfeadh mo chairde mé ag dul isteach sa leabharlann agus chuir mé mo chochall suas agus mé ag siúl trasna an bhóthair go dtí an foirgneamh mór leadránach; an leabharlann.

Ní raibh mórán ar bith sa leabharlann, cúpla seanduine ag léamh nuachtán agus bean ar chúl an chuntair ag bogadh leabhar thart. Shuigh mé síos ag an tábla, thóg mé an chéad leabhar ón seilf is cóngaraí dom agus d’oscail mé é.

Go tobann, d’oscail doirse na leabharlainne go trom agus shiúil ridire isteach. Bhí claíomh mhór ghéar aige agus sciath le splanc tintrí péinteáilte air. Bhí armúr geal airgid á chaitheamh aige agus clogad crua miotail ar a cheann.

“Faoi dheireadh,” arsa an ridire os ard agus é ag amharc orm, “tá tú faighte agam!”

D’amharc mé ar an bhean ar chúl an chuntair le fáil amach an raibh sí

ag dul a rá rud ar bith leis as a bheith ag déanamh calláin sa leabharlann, ach níor dhúirt sí faic. Thóg an ridire a chlaíomh agus rith sé i mo threo. I bhfaiteadh na súl, roll mé go talamh go díreach mar a bhris an chlaíomh tríd an tábla, beagnach ag bualadh mo cheann, píosaí adhmaid ag eitilt gach áit.

“Sílim go bhfuil meancóg déanta agat…” a thosaigh mé a rá leis an ridire ach ní raibh seans agam m’abairt a chríochnú.

“Is tusa a rinne an mheancóg,” arsa an ridire agus é ag tógáil a chlaímh, “do mheancóg dheireanach!” Rith sé i mo threo arís ach bhí sé fadálach mar gheall ar an armúr s’aige. Sheas mé ar leataobh, chuir mé mo chos amach agus bhain mé tuisle as. Thit sé tríd an fhuinneog, a bhris ina smidiríní!

“Dia ár sábháil,” arsa mé liom féin. D’amharc mé síos agus chonaic mé go raibh an leabhar a thóg mé i mo lámha go fóill. Dhruid mé an leabhar agus d’amharc mé thart. Bhí bean ina suí ar chúl an chuntair ag bogadh leabhar thart agus bhí cúpla seanduine ann ag léamh nuachtán.

D’oscail mé an leabhar arís……

Credits:

Created with images by geralt - "a book read college student" • Janson_G - "knight crusader isolated"