Loading

Caoirigh

Is ainmhithe imníocha, neirbhíseacha iad caoirigh a chónaíonn le chéile i dtréada. De ghnáth, déanann siad achan rud ag an am céanna, ag ithe le chéile agus ag codladh ag an am chéanna.

Tá a lán cineálacha difriúla de chaoirigh ann. Cónaíonn roinnt acu ar fheirmeacha. Úsáideann an feirmeoir madadh chun na caoirigh a choinneáil le chéile agus chun iad a bhogadh ó áit go háit.

Nuair a deir tú an focal caora tá tú ag caint ar an chaora bhaineann. Tugtar reithe ar an chaora fhireann agus tugaimid uan ar na caoirigh óga. Beirtear uain san earrach agus i ndiaidh trí seachtaine nó mar sin, feicimid iad agus súgradh agus ag léim sna páirceanna.

Nuair a éiríonn an aimsir te, lomann an feirmeoir na caoirigh, is é sin go ngearrann sé an olann díobh. Déanaimid a lán éadaí le holann; cótaí, scairfeanna agus miotóga mar shampla. Coinníonn olann te muid. Déanaimid rugaí agus slipéirí le holann fosta.

Credits:

Created with images by 165106 - "sheep animals flock" • Skitterphoto - "wool shop hobby"