Loading

An Spideog Óg

Nuair a bhriseann spideog óg amach as ubh, tá siad iontach beag agus lag. Tá siad iontach ocrach fosta! Caithfidh Mamaí agus Daidí cuiteoga agus feithidí a fháil do na héiníní ocracha seo.

Fásann na héiníní giota beag gach lá agus tagann cleití orthu chomh maith. Nuair atá siad thart fá 2 seachtaine d’aois, déanann siad an chéad iarracht eitilt. Ag an tús tá sé iontach deacair agus níl siad ábalta eitilt i bhfad ar shiúl ón nead. Ach roimh i bhfad tá siad ábalta eitilt go breá agus caithfidh siad a mbia féin a fháil anois.

Credits:

Created with images by susannp4 - "wildlife bird nature" • JillWellington - "bird's nest robin's nest robin egg"