Loading

Picnic sa Pháirc

Chuaigh an chlann ar a dturas chuig páirc. Bhí Mamaí, Daidí, Ricí agus Nóra ag siúl. Bhí an babaí i bpram.

Lá deas a bhí ann agus bhí gach cóta ina luí i bpram Nóra. Bhí siad sa pháirc chun a bpicnic a ithe.

“Beidh ár bpicnic go maith,” arsa Ricí. “Is maith liom dul ar phicnic.”

“An bhfaca tú an cat sin?” arsa Nóra. “Tá sé i lár na dtom sin.”

D’amharc Ricí i lár na dtom agus chonaic sé go raibh ocht gcat i bhfolach ann.

Bhí arán i bpóca Ricí agus bhí an chuma ar chat beag go raibh ocras air.

Rith an cat donn chuig Ricí agus rith Ricí go gasta.

Thit Ricí agus bhuail sé a chos. Thosaigh sé ag caoineadh. Tháinig Mamaí agus Daidí.

“Tá muid i bponc anois,” arsa Mamaí.

“Cá bhfuil an chlinic?”

“Tá sí i bhfad ón pháirc,” arsa Daidí

Thóg Mamaí Ricí agus chuir sí i bpram Nóra é. Thosaigh sí ag rith.

Sa chlinic, chuir banaltra cos Ricí i dtobán uisce. Ansin, chuir sí plástar ar chos Ricí agus bhí sé sona sásta.

Chuaigh siad chuig an teach le cos Ricí i bplástar. “Ní bhfuair muid ár bpicnic,” arsa Nora le Daidí.

“Picnic anseo!” arsa Mamaí.

D’ith siad a bpicnic ag a dtábla. Bhí Micí Muc ann.

“Tá ocras ar an mhuc!” arsa Nóra.

Thug Ricí arán don mhuc.

“A fhad is nach cat é!” arsa Ricí ag gáire.