Loading

Seangáin Iontacha

Cónaí

Cónaíonn an seangán beag i ngach áit ar an domhan, beagnach. Is iad na háiteanna is fuaire ar an domhan amháin nach ndéanann siad cónaí iontu, amhail an tArtach nó an tAntartach nó ar shléibhte arda. Tá breis agus 12,000 speiceas de sheangáin ann ar fud an domhain. Is dócha go bhfuil speicis de sheangáin ann nach bhfuil aimsithe ag eolaithe go fóill go fiú.

Láidreacht

Tá seangáin an-láidir. Thig le seangán 20 oiread dá mheáchan féin a thógáil. Tá dhá phéire gialla acu, cuid istigh agus cuid amuigh. Úsáideann siad na gialla amuigh, nó na mandabail, le rudaí a thógáil. Dá mbeadh páiste seacht mbliana d’aois chomh láidir le seangán, agus í ábalta 20 oiread dá meáchan féin a thógáil, bheadh sí ábalta carr a thógáil.

Cineálacha Seangán

Cónaíonn seangáin i ngrúpaí darb ainm coilíneachtaí agus is minic a bhíonn na milliúin seangán ina gcónaí le chéile. Tá trí chineál seangán ann: an bhanríon, an seangán fireann agus an seangán baineann. Is í an bhanríon an seangán is mó agus is é an ról s’aici ná uibheacha a bhreith lena thuilleadh seangán a sholáthar. Thig leis an bhanríon bheith beo ar feadh na mblianta agus na milliúin babaithe a bheith aici. Nuair a fhaigheann an bhanríon de coilíneacht bás, ní mhaireann an choilíneacht ach ar feadh cúpla mí. Ní mhaireann an seangán fireann a chúplálann leis an bhanríon i bhfad. Is í an oibrí baineann a thógann na mullóga agus a sholáthraíonn bia don choilíneacht.

Céadfaí na Seangán

Tá súile ag seangán le cuid mhór lionsaí. Cuireann na lionsaí seo ar chumas na seangán rudaí i ngar dóibh a fheiceáil, i gcomhair leis an timpeallacht thart orthu agus i bhfad eile. Tá seangáin ann, áfach, atá go hiomlán dall agus a úsáideann tadhall agus boladh le bogadh thart ar an timpeallacht. Níl cluasa ag seangáin. Ina áit sin, cluineann siad tríd na creathanna sa talamh a mhothú lena gcosa. Nuair a bhíonn coilíneachtaí seangán ag bogadh, nó nuair a aimsíonn siad foinse nua bia, fágann siad rian bolaidh le leanúint ag na seangáin eile. Bíonn aintéiní an tseangáin iontach úsáideach fosta. Ligeann siad don seangán cloisteáil, blaiseadh, mothú agus boladh. Úsáideann seangáin na haintéiní s’acu le cumarsáid a dhéanamh trí bhaint dá chéile. Níl scamhóga ag seangáin. Faigheann siad ocsaigin trí pholl bheaga bhídeacha ar fud a gcorp, agus imíonn an dé-ocsaíd charbóin ó na poill chéanna.

Credits:

Created with images by monsterpong09 - "work tree wood" • gamagapix - "ant aphids macro"