Loading

Micí Muc

Amharc. Seo an gairdín, tá dún agus túr sa ghairdín.

Bhí na páistí ag súgradh. Bhí Ricí ag súgradh sa dún agus bhí Nóra ag súgradh sa túr.

Tháinig Mamaí amach. Bhí sú agus úlla ag Mamaí do na páistí. Léim Ricí den dún agus léim Nóra amach as an túr.

Thosaigh na páistí ag ól. Bhí Micí Muc ag ithe, bhí sé sásta.

Cad é a bhí sé ag ithe?

Liathróid Ricí a bhí ann.

Ní raibh Ricí sásta.

"Stop!" arsa Ricí. "Ba mhaith liom mo liathróid."

Fuair Ricí a liathróid. Bhí sé sásta arís.

Fuair Nóra úll.

"Seo úll," arsa Nóra. "Bí maith anois."

Bhí Micí Muc ag ithe arís. Bhí sé sásta.