Bhí an chlann sa chistin. Bhí Mamaí ag dul chuig obair agus bhí Daidí agus na páistí ag an tábla. Bhí an babaí ag súgradh lena bhloc.
“Ith do bhrachán, a mhic,” arsa Daidí le Ricí.
“Cá bhfuil an mhil?” arsa Nóra.
Thug Daidí an mhil do Nóra
“An bhfaca sibhse mo bhróga?” arsa Mamaí.
“Sa seomra luí,” arsa Daidí.
Chaith Babaí a bhloc isteach sa bhruscar.
Thóg Daidí an bloc amach arís agus chuir sé é ar an chófra.
Bhí Nóra agus Ricí ag súgradh le mirlíní ag an tábla. Bhí trí mhirlín ag Nóra agus bhí trí mhirlín ag Ricí.
Roll Ricí a mhirlín chuig an vása.
“Thig liom do mhirlín a bhrú ón vása le mo mhirlín mór,” arsa Nóra.
“Ní thig leat,” arsa Ricí
Roll Nóra a mirlín mór go trom agus bhris sí an vása leis an mhirlín mór.
Bhí Daidí crosta.
“Sin an fáth nach dtig libhse súgradh ag an tábla,” arsa Daidí agus ghlan sé an tábla leis an bhratóg.
Thóg Babaí an blpípire ón chófra.
“Am anois don scoil,” arsa Daidí. “Seo do bhrístí, a Ricí, agus seo do bhlús, a Nóra.”
Chaith Babaí an bplípire sa bhruscar.
“An bhfaca sibhse mo bhlípire?” arsa Mamaí.
“Sa seomra suí,” arsa Daidí.
Chuir Ricí a bhríste agus a bhróga air. D’amharc Nóra ar an bhlús.
“Ní sin mo bhlús don scoil,” arsa Nóra.
Thug Daidí an blús don scoil di.
Tháinig mamaí isteach sa chistin arís.
“Níl mo bhlípire sa seomra suí,” arsa Mamaí.
Thóg Babaí a bhloc ón chófra arís agus chaith sé é sa bhruscar.
D’amharc Daidí sa bhruscar.
“Seo do bhlípire,” arsa Daidí. “Chaith Babaí é sa bhruscar!”
Rinne gach duine eile gáire.