Loading

Ag Troid Tinte Fadó

An Tús

Tá na chéad tagairtí do throid tinte luaite le linn Impire na Róimhe. Ag an am seo, tugadh Fairtheoirí nó Bigilí ar throdaithe tinte. Bhain an jab s’acu le coimhéad amach do thinte agus buicéid uisce a eagrú le tinte ar bith a bheadh ann a mhúchadh. D’iompair na Fairtheoirí dréimirí agus cuaillí crúca a d’úsáid siad le foirgneamh a leagan, rud a stopfadh scaipeadh na tine. Tugadh toitbhearnaí orthu seo agus bhí siad úsáideach mar scar siad foirgnimh a bhí trí thine ó fhoirgnimh eile sa dóigh is nach rachadh siad trí thine fosta. Bhí sé riachtanach a leithéid de chóras d’Fhairtheoirí a bheith acu sa tSean-Róimh de bharr go raibh na tithe sna codanna bochta den Róimh iontach cóngarach dá chéile agus bhí siad déanta d’ábhar a bhí so-dhóite. I ndiaidh Tine Mhór na Róimhe, shocraigh na Rómhánaigh ar shráideanna níos leithne a thógáil i gcomhair le tithe a dhéanamh d’ábhair nach rachadh trí thine go réidh.

Ag Troid Tinte sa Bhreatain

Sa Bhreatain, thosaigh troid tinte eagraithe thart ar an am céanna a d’ionsaigh na Rómhánaigh in 43AD. Amhail an Róimh, úsáideadh buicéid uisce le tinte a mhúchadh. Nuair a d’imigh na Rómhánaigh, áfach, chuaigh troid na dtinte ar ais chuig an seandóigh neamh-eagraithe. Os rud é nach raibh córas eagraithe ann le troid in aghaidh tinte, dhóigh an iliomad baile go talamh le linn na Meánaoise.

Árachas Tine

I ndiaidh do Thine Mhór Londain thart fá 80% de Londain a scrios, thug fear darb ainm Nicholas Barbon an chéad árachas tine isteach. Chuir na daoine sin a cheannaigh árachas tine don teach nó don ghnó s’acu comhartha, nó marc tine, ar thosach an fhoirgnimh s’acu lena chur in iúl go raibh árachas acu agus go raibh cead acu an bhriogáid dhóiteáin a úsáid dá bharr. Muna raibh árachas tine ag foirgneamh, d’fhágfadh an bhriogáid dhóiteáin an foirgneamh le dó, ach ab é má bhí sé taobh le foirgneamh a raibh árachas aige. Más amhlaidh sin, mhúchfadh an bhriogáid dhóiteáin an tine sa dóigh is nach spréifí é béal dorais chuig an foirgneamh a raibh árachas aige.

Briogáidí Dóiteáin Chathrach

Bhunaigh Barbon a bhriogáid dhóiteáin féin leis an oiread éileamh a bhí a dhéanamh ag daoine a laghdú. Go gairid ina dhiaidh, thosaigh cuid mhór comhlachtaí eile ag bunú briogáidí dóiteáin agus ag soláthar árachais. Sna 1800í, bunaíodh briogáidí dóiteáin cearta. Bhí an chéad cheann ann i nDún Éideann in 1824, an dara ceann i Manchain in 1826. In 1833, tháinig comhlachtaí árachais tine le chéile le Foras Troda Tine Londain a bhunú. D’oibrigh na trodaithe tine go páirt-aimseartha agus ní bhfuair siad tuarastal rialta. I ndéanta na fírinne, bhí an t-ádh ar na trodaithe tine seo íocaíocht bheag a fháil agus deoch a fháil leis an tart s’acu féin a mhúchadh. Ag an am seo, ní raibh sna hinnill dhóiteáin ach pumpaí uisce soghluaiste tarraingthe ag capaill.

Credits:

Created with images by WikimediaImages - "engine steam fire" • Unknown - "openphoto hand held fire pump - vintage by Adrian van Leen ..."