Loading

Caillte sa Reilig

Bhí Seán ina ghasúr cróga ach bhí a chroí ina bhéal le heagla anois. Bhí sé deich mbliana d’aois, ard go leor agus measartha aclaí, bhí sé ina chaptaen ar fhoireann pheile na scoile. D’amharc sé ar Liam, a chara is fearr. Bhí Liam sa rang céanna le Seán ach ní raibh sé chomh hard céanna le Seán. D’imir sé ar fhoireann na scoile, bhí sé ina chúl báire.

Bhí an bheirt ghasúir ina seasamh sa dorchadas i lár reilige. Bhí an oíche chomh dorcha le gual. Oíche Shamhna a bhí ann agus bhí siad beirt ina seasamh i reilig. Tháinig siad isteach sa reilig mar gur dhúirt a gcairde nach raibh siad cróga go leor lena leithéid a dhéanamh. B’fhéidir go raibh an ceart acu!

“Tá muid caillte,” arsa Liam.

D’amharc Seán thart le fáil amach cá raibh siad. Bhí sé iomlán dorcha. Go tobann, bhris scréachóg ulchabháin ciúnas an dorchadais. Léim Liam de phreab. Ní raibh a fhios ag na gasúir cad é a bhí ann, shíl Liam gur bean sí a bhí ann.

“Sin bean sí,” arsa Liam de chogar agus é ag fáil greim ar mhuinchille Sheáin.

Bhí Seán ar tí gáire a dhéanamh ach chonaic sé rud éigin ag bogadh i dtom a bhí in aice leo. Rud bán a bhí ann ag bogadh go gasta i measc na nduilleog. Chuala siad beirt siosarnach na nduilleog agus d’éirigh greim Liam níos teanna.

“Rith!” a scread Liam.

Chonaic Seán Liam ag rith ar shiúl uaidh agus bhí eagla ar Sheán go mbeadh an bheirt scartha óna chéile. Rith Seán sa tóir ar Liam, ag scairteadh, “Fan! Fan!” ach níor stop Liam. Chonaic Seán an rud bán ag teacht amach as na toim ar a chúl agus bhí sé ag teacht sa tóir air. Rith sé ar nós na gaoithe i ndiaidh Liam ach bhí an rud bán ag druidim air. Rith sé chomh gasta agus a thiocfadh leis ach ní raibh sé gasta go leor. Bhain sé Liam amach agus shocraigh sé go stopfadh siad le troid a dhéanamh leis an rud bán, cibé a bhí ann. Stop siad agus thiontaigh siad thart i dtreo an ruda báin a bhí sa tóir orthu. Cad é a bhí ann ach madadh s’aige, Pangur. Rith an madadh bán chuige, léim se suas air agus thosaigh sé ag lí a láimhe. Rinne na gasúir gáire, cé go raibh siad as anáil. Nuair a d’amharc siad thart, chonaic siad go raibh go raibh siad ar ais ag geataí na reilige, san áit ar thosaigh siad.

“Tá muid slán!” arsa Seán agus é ag gáire.

Credits:

Created with images by Skitterphoto - "graveyard graves tree" • Pezibear - "maltese dog puppy"