Amharc, seo tábla sa chistin.
Bhí Nóra ag an tábla sa chistin.
Bhí Nóra ag obair.
Tháinig Ricí isteach sa chistin.
Ní raibh Ricí ag obair, bhí a liathróid leis.
Chuaigh Ricí amach agus thosaigh sé ag súgradh.
Bhí Ricí sona sásta ag súgradh leis an liathróid.
Tháinig Nóra amach agus rinne sí súgradh le Ricí sa ghairdín.