Loading

Nathracha ag Fás

De réir mar a fhásann do chosa, éiríonn do bhróga róbheag duit. Nuair a tharlaíonn sin, baineann tú díot na bróga beaga agus faigheann tú bróga atá níos mó.

Tarlaíonn an rud céanna do nathracha, ní le bróga ach leis an chraiceann s’acu. De réir mar a fhásann an nathair, éiríonn an craiceann ró-bheag agus ró-theann. Mar sin de, cailleann sí an sean-chraiceann agus fásann sí craiceann úr. Tarlaíonn seo thart fá 3 nó 4 uaire achan bhliain. Cailleann nathracha óga an craiceann s’acu níos minice mar go bhfásann siad níos gasta ná sean-nathracha.

Dá mba mhaith leat nathair a fheiceáil, gabh chuig an zú. Is féidir nathracha nimhe a fheiceáil sa zú agus beidh tú slán sábháilte mar coinnítear iad i gcásanna gloine. Seans go bhfeicfidh tú ceann ag cailleadh a craicinn.

Credits:

Created with images by sipa - "line lampropeltis skinning" • Dustytoes - "snake snake skin head"