Loading

Barraíocht Daoine

Tá cuid mhór daoine ina gcónaí ar an domhan na laethanta seo. Níl a fhios againn go beacht cá mhéad atá beo ar an domhan ach meastar go bhfuil thart níos mó ná 7 billiún ann! Sin 7,000,000,000! Creidtear go bhfuil níos mó daoine beo ar an phláinéad inniu ná iad siúd uilig a bhíodh beo riamh curtha le chéile.

Is í an Rúis an tír is mó ar an domhan ach níl an méid is mó daoine ina gcónaí sa tír sin, ach sa tSín. Síltear go bhfuil níos mó ná billiún duine ina gcónaí sa tSín agus go bhfuil daonáireamh na tíre sin ag méadú go fóill. Is í an Áise an roinn leis an líon is mó daoine ar an domhan, agus ní ábhar iontais ar bith é nuair a smaoiníonn tú ar an líon daoine atá ina gcónaí san India, is é sin naoi gcéad milliún (900,000,000) agus go bhfuil an tSín agus an India beirt san Áise. Má chuireann tú líon na ndaoine atá ina gcónaí sa tSín agus san India le chéile, faigheann tú beagnach ⅓ de mhuintir an domhain ina gcónaí sa dá thír.

Cuir sin i gcomparáid le hÉirinn, le breis agus cúig mhilliún ina gcónaí sa tír seo, is tír bheag bhídeach i gcomparáid le tíortha eile. Ach, ag an am céanna, tá tíortha eile ann atá níos lú ná sin go fiú. Is tír í an Vatacáin (áit a bhfuil an Pápa ina chónaí) atá sa Róimh, cé gur lú é na cathair, le níos lú ná céad míle ina gcónaí ann.

Agus creid é nó ná creid é, tá cathracha ann a bhfuil daonáireamh acu atá níos mó ná tír mhór. Samhlaigh Cathair Mheicsiceo, tá cúig mhilliún is fiche ina gcónaí ann (25,000,000), cuir sin i gcomparáid leis an dá mhilliún atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath. Is mó daonáireamh Chathair Meicsiceo ná daonáireamh na Astráile iomláine, nach bhfuil aici ach fiche milliún, cé gur tír iomlán ollmhór atá ann!

Credits:

Created with images by B_Me - "pedestrians people busy" • WikiImages - "earth planet space"