Loading

Pota sa Tobar

Bhí Nóra agus Ricí sa teach.

“Tá ocras orm,” arsa Ricí.

“Tá tart orm,” arsa Nóra.

Go tobann, tháinig trup ón trunc mór trom. D’amharc Nóra sa trunc agus chonaic sí pictiúr. Tobar a bhí ann. Thóg Nóra an pictiúr agus bhí siad ag an tobar.

“Cad é seo?” arsa Ricí.

“Tobar atá ann,” arsa Nóra. “An bhfuil uisce sa tobar? Tá tart orm.”

Bhí hanla ar an tobar agus bhí pota ar an rópa.

“Bog an hanla sin síos,” arsa Nóra le Ricí.

Chuaigh an rópa síos, síos isteach san uisce.

Thóg Ricí an rópa agus an pota suas arís leis an hanla. Bhí uisce agus cóla ann.

“Is maith liom uisce,” arsa Nóra.

“Is maith liom cóla,” arsa Ricí, “ach tá ocras orm.

Chuir Ricí an rópa agus an pota síos arís.

“Ba mhaith liom banana agus custard,” arsa Nóra.

“Ba mhaith liom.........pláta mór núdal,” arsa Ricí.

Thóg Ricí an rópa agus an pota arís agus cad é a bhí ann ach custard le banana agus pláta núdal. Chonaic Ricí pictiúr den trunc mór trom, thóg sé é agus bhí na páistí sa teach arís.

Tháinig Mamaí isteach leis an lón. Bhí custard le banana ann do Nóra agus bhí pláta mór núdal ann do Ricí.

“Mmmm, blasta,” arsa Ricí agus Nóra.