Loading

Cruit an Chamaill

Déanann an chuid is mó de chamaill cónaí sa ghaineamhlach, in áit atá iontach te agus tirim. Tá sé deacair bia agus uisce a fháil in áiteanna mar sin. Caithfidh camaill bia a iompar leo de réir mar a théann sé tríd an ghaineamhlach. Coinníonn siad an bia seo ar an droim. Is éard atá sa chruit ná cnap mór saille a thugann fuinneamh don chamall nuair nach bhfuil bia ar bith aige. Stórálann ainmhithe eile saill sa chorp fosta ach is é an camall an t-aon ainmhí amháin a choinníonn an tsaill i gcruit.

Nuair atá cuid mhór le hithe agus le hól ag an chamall bíonn an chruit mór agus crua. Ach nuair nach n-itheann siad nó nach n-ólann siad le tamall fada, éiríonn an chruit beag agus bog. In amanna titeann an chruit síos agus luíonn sí ar leataobh.

Tá dhá chineál camaill ann, iad siúd le cruit amháin a dhéanann cónaí san Afraic agus san Áise, agus iad siúd le dhá chruit a dhéanann cónaí sa Mhongóil agus codanna eile den Áise. Déanann camaill cónaí san Astráil fosta, tugadh iad ansin i longa thart fá céad bliain ó shin.

Credits:

Created with images by Wolfgang_Hasselmann - "dromedary camel morocco" • Unknown - "Kameel Woestijn Zand · Gratis foto op Pixabay"