Loading

Instealladh

Bíonn sé nimhneach nuair a thugann dochtúir instealladh duit. Ach is maith is fiú é instealladh a fháil.

Téann fuil thart ar do chorp tríd na féitheacha agus na hartairí. Tá an fhuil dearg ach istigh anti atá rudaí beaga darb ainm cealla. Tá cuid de na cealla seo dearg agus cuid eile bán. Iompraíonn na cealla dearga ocsaigin thart ar na chorp, rud a choinníonn muid beo. Ach tá na cealla bána iontach tábhachtach fosta.

Tá na cealla bána cosúil le saighdiúirí a dhéanann troid in éadan na dtinneas a thagann isteach sa chorp. Nuair a fhaigheann tú instealladh tá an dochtúir ag cur tinneas beag isteach sa chorp. Is ansin a mhúsclaíonn na saighdiúirí (na cealla bána) chun troid a dhéanamh leis an tinneas. Bainfidh siad an troid mar ní raibh san instealladh ach braon beag den tinneas. Ach déanann an troid seo na saighdiúirí (cealla bána) níos láidre agus má thagann an tinneas céanna ar ais beidh siad ábalta an troid sin a bhaint fosta. Sin an dóigh a gcuidíonn instealladh linn bheith folláin.

Credits:

Created with images by whitesession - "vaccination impfspritze medicine" • PhotoLizM - "syringe healthcare needle"