Loading

A Dhialann:

Bhuel, bhí mo chéad lá sa mheánscoil ann inniu. Bhí mé iontach neirbhíseach ar maidin ach, sa deireadh, bhí sé ceart go leor.

Ní thiocfadh liom codladh aréir, bhí sé 12 a chlog sular thit mé i gcodladh. Mhúscail mo Mhamaí mé ar 7:30 agus fuair mé an bus ar 8:30. Bhí mé rud beag buartha ag smaoineamh ar an bhus, seo an chéad uair a fuair mé an bus liom féin. Thug mo Mhamaí mé chuig an bhus stop deich mbomaite roimh ré agus bhí mé iontach sásta nuair a chonaic mé Áine ann cheana féin. Bhí cuma dhifriúil uirthi ina héide scoile glasa, ach is dócha go raibh an chuma aisteach chéanna orm agus mé gléasta in éide meánscoile fosta.

Tháinig an bus in am agus bhí sé beagnach lán cheana féin; chonaic muid neart dár gcairde ón bhunscoil anuraidh agus chonaic muid neart páistí eile a chuaigh chuig ár scoil na blianta roimh ré. Cé go raibh an bus beagnach lán, d’éirigh linn dhá shuíochán a fháil le chéile.

Ag an scoil, tugadh muid chuig an halla mór agus bhí an áit dubh le daoine, b’fhéidir 100 againn. Shuigh muid uilig le chéile, ag amharc ar na páistí eile nach raibh aithne againn orthu ó na bunscoileanna eile. Cé acu a mbeidh mar chairde agam amach anseo?

Chuaigh an Príomhoide suas ar an ardán, Bean Uí Cheallaigh an t-ainm atá uirthi; bhí an chuma uirthi go raibh sí deas agus labhair sí go séimh. Thug sí an plean don lá amach agus labhair sí faoi stair na scoile, a rá gur clann de Scoil Mhuire a bhí ionainn anois agus go gcaithfidh muid eiseamláir mhaith a léiriú i gcónaí. Ina dhiaidh sin, thosaigh sí amach ar na ranganna agus cé a bheadh sa rang céanna. D’amharc mise agus Áine ar a chéile, agus ghlac muid lámha, “Le do thoil,” bhí muid beirt ag smaoineamh, “lig dúinn bheith sa rang céanna!”

“Rang 8A le Máistir Uí Ríordáin mar Mhúinteoir Foirme,” a dúirt sí, “Áine, Brian, Ciara, Eithne, Gearóid....”

Bhí mé ag fanacht go dtí gur bhain sí an litir S amach do m’ainm...

“Máire, Micheál, Niall........Nóra....”

Níor chuala mé ainm ar bith ina dhiaidh sin, d’fháisc mise agus Áine lámha go teann le chéile nuair a dúirt sí m’ainm – beidh muid sa rang céanna don chéad chúpla bliain eile.

Bhí an chuid eile den lá go breá, bhuail muid leis na páistí eile, chuir muid aithne ar Mháistir Uí Ríordáin, fuair muid amchlár agus chaith muid an chuid eile den lá ag dul ó rang go rang ag bualadh leis na múinteoirí eile agus ag fáil leabhar. Fuair muid an bus abhaile le chéile arís, gan imní ar bith orainn, agus bhain mé an teach amach arís faoi 4:30, gan obair bhaile ar bith!

Tá mé ag dúil le dul ar ais amárach arís ach tá mé scriosta tuirseach anois, ní dóigh liom go mbeidh deacracht ar bith agam ag dul a chodladh anocht! Oíche mhaith!

Credits:

Created with images by mohamed_hassan - "diary writer type" • 14995841 - "teacher learning school"