Loading

Súp ar an Smig

Bhí Nóra ar an stól agus bhí Mamaí ag an sorn. Bhí súp agus plúr ar an tábla

“Cad é a ba mhaith leat don lón, a Nóra?" ara Mamaí.

“Ba mhaith liom súp,” arsa Nóra.

Bhí Nóra ag súgradh le Babaí.

“Snap!” arsa Nóra go hard.

Thosaigh an babaí ag gáire.

Rinne Mamaí súp ar an sorn agus thug sí é do Nóra.

Chuir Nóra a srón leis an súp.

“Mmmmm, deas,” arsa Nóra.

Thóg Nóra súp le forc agus thit an súp.

“Ní thig leat súp a ithe le forc,” arsa Mamaí.

Rinne Nóra gáire.

“Tá blas deas ar an súp seo,” arsa Nóra.

Bhí súp ag Babaí ar a smig agus srón.

“Is maith le Babaí an súp fosta,” arsa Mamaí.

D’amharc Mamaí ar Nóra agus chonaic sí súp ar smig Nóra fosta.

“Glan do smig, a Nóra, tá súp ann,” arsa Mamaí.

Rinne Nóra agus Mamaí gáire

D’amharc Nóra síos agus chonaic sí smál.

“Níl an froc seo glan anois,” arsa Nóra. "Tá smál air."

“Is babaí mór tú, a Nóra,” arsa Mamaí.