Loading

Turas chuig an Phlainéadlann

Bhí Ricí agus Nóra iontach tógtha agus iad ag siúl suas an rampa, isteach sa phláinéadlann. Ní raibh siad sa phláinéadlann riamh agus bhí dúil mhór acu sa spás agus sna pláinéid.

D’íoc daidí as na ticéid agus shiúil siad isteach. Ar dtús báire, chonaic siad dealbh de spásaire ag an doras tosaigh. Shiúil siad leo agus chonaic Daidí satailít.

“Cad é sin?” arsa Nóra.

“Satailít,” arsa Daidí. “Téann sin thart ar an domhan agus cuireann sé comharthaí gutháin agus teilifíse chuig an Domhan.”

Bhí cuid mhór pictiúir ar na ballaí faoin spás agus pictiúr ollmhór d’Éirinn ón spás ar an urlár. Shiúil siad suas staighre agus d’amharc siad anuas air.

“Sin an chuma atá ar Éirinn ón spás,” arsa daidí. “Ghlac siad pictiúr ó roicéad nó satailít.”

Ina dhiaidh sin, chuaigh siad isteach in amharclann speisialta le scáileán cuartha ar an síleáil. Shuigh Nóra an chathaoir agus chuaigh sé siar.

“Tá an chathaoir briste,” arsa Nóra.

Rinne Daidí gáire.

“Níl sé briste, a stór,” arsa Daidí. “Thig leat an chathaoir a chur siar sa dóigh is go dtig leat amharc ar an scáileán níos fearr.”

Cuireadh na soilse as agus d’amharc siad ar scannán faoin ghrian agus na pláinéid. Mhothaigh sé mar go raibh na cathaoireacha ag bogadh agus iad ag amharc ar an scannán, agus d’fhoghlaim siad go raibh ocht bpláinéad ann sa ghrianchóras s’againne. Is é Iúpatar an pláinéad is mó agus is í Mearcair an pláinéad is lú. Is é Véineas an pláinéad is teo agus is é Mars an pláinéad is cóngaraí don Domhan.

Chaith siad an lá ar fad sa phláinéadlann agus d’imigh siad abhaile ag deireadh an lae agus aoibh an gháire orthu mar gur bhain siad an-sult as an turas agus de bharr gur fhoghlaim siad cuid mhór faoin spás.