Loading

Goraillí

Is clann ainmhithe iad na príomhaigh ina n-áirítear moncaithe, ápaí agus daoine. Is iad na goraillí an speiceas is mó de na príomhaigh. Thig le goraille fireann lánfhásta bheith chomh hard le 6 throigh agus chomh trom le 500 punt.

Amhail daoine, tá 5 ladhar ar gach cos agus 5 mhéar ar gach lámh ag gach goraille, le hordóga agus ladhracha móra is féidir a chur i gcoinne na méar, tá cluasa beag ar thaobh an chloiginn agus 32 fiacla acu sa bhéal. Rud difriúil fúthu i gcomparáid le daoine, áfach, go bhfuil a sciatháin láimhe níos faide agus níos láidre ag goraillí, agus tá a ladhracha móra cosúil le hordóga. Tá a gcoirp clúdaithe i ngruaig thiubh, dhorcha. Tá goraillí iontach cliste agus tá réimse leathan mothúchán acu, amhail daoine. Déanann siad gáire nuair a chiglíonn tú iad agus caoineann siad nuair a ghortaítear iad nó nuair atá brón orthu. Nuair a chaoineann siad, áfach, ní bhíonn deora ann, bíonn siad ag caoineadh le fuaimeanna amháin.

Tá lámha iontach fada ag goraillí agus úsáideann siad na hailt ar na lámha le cuidiú leo siúl, is é sin siúlann siad ar na cosa ach cuireann siad ailt a lámha ar an talamh ag an am céanna. Ní minic a sheasann siad go hiomlán in airde, ach amháin nuair atá siad ag léiriú ionsaithe nó nuair atá siad iontach tógtha.

Thig le goraillí bheith beo go dtí go bhfuil siad thart fá 35 san fhiántas nó suas go dtí 50 bliain agus iad i mbraighdeanas. Bíonn an goraille baineann lánfhásta nuair atá sí idir 10 agus 12 bliain d’aois agus bíonn an goraille fireann fásta idir 11 agus 13 bliain d’aois. Tugtar goraille droimairgid ar an ghoraille fireann de bharr go n-athraíonn an ghruaig dhubh ar a dhroim go gruaig liath. Bíonn goraillí nua-bheirthe beag agus anbhann nuair a bheirtear iad. Bíonn siad ag brath ar an mháthair ar feadh 3 bliana ar a laghad. Fásfaidh siad i dteaghlach a mhúinfidh dóibh an dóigh le bia a aimsiú, neadacha a thógáil agus aire a thabhairt don óg. Cónaíonn goraillí i ngrúpaí de 6 – 12 darb ainm banda nó trúpa, a chuimsíonn goraille droimairgid amháin, cúpla goraille baineann agus a n-óga.

Itheann goraillí suas le 50 punt de bhia gach lá agus is luibhiteoirí iad den chuid is mó. Itheann siad duilleoga, sméara, plandaí, torthaí, bláthanna, toir, fíniúnacha agus, in amanna, mionbheithígh, amhail seangáin, teirmítí, cruimheanna, cuiteoga agus larbha feithide.

Sa nádúr, déanann goraillí cumarsáid lena chéile le comharthaíocht choirp, gnúis na haghaidhe, fuaimeanna agus buillí ar an bhrollach. Ní thig leo labhairt, ach tuigeann siad teanga dhaoine. Múineadh teanga chomharthaí do ghoraillí agus iad i mbraighdeanas, a úsáideann siad le cumarsáid a dhéanamh le daoine.

Credits:

Created with images by MrsBrown - "gorilla lowland gorillas monkey" • maciejkow - "gorilla nature monkey"