Loading

Timpiste ar an Bhóthar

Lá deas a bhí ann. Bhí sé te agus tirim agus bhí Daidí ag imirt scidilí le Ricí.

Bhí Nóra sa chistin le Mamaí agus Babaí. Bhí Nóra ag ithe císte silíní agus bhí Mamaí ag cigilt Babaí.

Go tobann, chuala siad callán ard ag teacht ón bhóthar.

“Fan anseo,” arsa Daidí le Ricí agus rith sé amach chuig an bhóthar.

Chonaic Daidí go raibh timpiste ann. Bhuail jíp crann ar an chosán agus bhí scáth an jíp briste. Bhí scáth an jíp ina smidiríní ar an bhóthar.

Bhí fear sínte ar an bhóthar fosta. Bhí sé ag cur fola agus bhí clábar ar na brístí aige.

Ghlac Daidí a fhón amach agus thosaigh sé ag caint. “Bhí timpiste ar an bhóthar agus tá otharcharr de dhíth. Tá fear ina luí ar an bhóthar agus tá sé ag cur fola; chuaigh sé tríd an scáth, sílim.”

Níor fhan Daidí i bhfad go dtí gur chuala sé an bonnán ón otharcharr. Léim fear amach as an otharcharr agus chuaigh sé chuig an jíp. Chuaigh an dara fear go dtí an fear a bhí ina luí ar an bhóthar. Thóg na fir ón otharlann an fear tinn agus chuir siad é san otharcharr. Bhí an fear tinn ag caint gibirise.

"Cá bhfuil mo chrann?" arsa an fear ar an sínteán.

Chuaigh an t-otharcharr síos an bóthar go gasta chuig an otharlann.

Chuaigh Daidí isteach sa teach. Bhí Ricí ag ithe ispíní, bhí Nóra ag ithe silíní agus bhí Mamaí ag ithe sicín. Bhí Babaí ag ól uisce le sifín.

“Cad é a tharla?” arsa Mamaí.

“Bhuail jíp an crann agus bhí fear sínte ar an bhóthar. Bhí sé ag cur fola mar bhí an scáth ón charr ina luí i smidiríní ar an bhóthar. Tháinig otharcharr agus thug na fir é chuig an otharlann,” arsa Daidí.

“Óóóóó,” arsa na páistí.

"Ar mhaith leat rud le hithe?” arsa Mamaí le Daidí.

“Níor mhaith,” arsa Daidí. “Tá mé ag mothú tinn.”