Loading

Spórt ar Scoil

Bhí Ricí ag an tábla ar scoil. Bhí Lorcán ag an tábla fosta. Is cara mór le Ricí é Lorcán.

Bhí Ricí agus Lorcán ag obair. Thug an múinteoir cúpla bloc do na páistí agus rinne na siad graf. Chuaigh an múinteoir go dtí an clár agus rinne sí graf air.

“Glan suas anois, a Ricí,” arsa an múinteoir.

Bhí glób ar an stól agus chuir Ricí an glób ar an tábla mór.

Bhí cré ar an stól fosta agus chuir Ricí í ar an tábla beag.

“Tá an stól glan anois,” arsa Ricí.

“Amach anois,” arsa an múinteoir. “Am anois do spórt.”

Rith na páistí go dtí an clós. Rith Lorcán go gasta isteach le Ricí.

“Ná bí ag brú,” arsa Ricí agus rinne sé dorn.

“Tá brón orm,” arsa Lorcán.

Seo an clós. Bhí Ricí agus Lorcán ag súgradh leis an liathróid. Thug Lorcán cic don liathróid agus fuair sé cúl glic le scil.

“Cad é an scór anois?” arsa Ricí.

“A sé, a dó,” arsa Lorcán.

Bhí smut ar Ricí.

Thug Ricí cic don liathróid arís ach rug Lorcán ar an liathróid.

Fuair Lorcán cúl arís. Ní raibh Ricí sásta, bhí smut air arís.

“Sin an clog,” arsa an múinteoir.

“Slán,” arsa Lorcán go sásta.

“Slán!” arsa Ricí go crosta.