Ní thig le daoine atá dall feiceáil. Ní thig leo amharc ar phictiúir nó focal a fheiceáil i leabhair. Mar sin, léann siad lena méara. Úsáideann daoine atá dall aibítir speisialta darb ainm Braille.
Tá patrún speisialta de phoncanna nó cnapáin i mBraille. Gobann siad suas ar leathanaigh leabhair Braille. Mothaíonn daoine atá dall na cnapáin seo lena méara.
D’fhoghlaim siad ar scoil cad é an chiall atá leis na cnapáin. De réir mar a bhogann said na méara thar na focail atá scríofa i mBraille, léann siad na focail atá scríofa ar leathanach. Tá siad ábalta léamh beagnach chomh gasta is atá tusa nó mise ábalta léamh.
Credits:
Created with images by Myriams-Fotos - "braille fingers read" • Myriams-Fotos - "braille hands keys"