Loading

Ainmhithe sa Gheimhreadh

Ní maith le hainmhithe an geimhreadh. Bíonn sé fuar agus bíonn sneachta ar an talamh go minic. Tá sé deacair bia agus uisce a fháil. Eitlíonn cuid éan ó dheas sa gheimhreadh go dtí tíortha atá níos teo, go dtí áit a bhfuil neart bia ann. Tugaimid imirce air seo. Téann cuid éisc ar imirce fosta – chuig uisce atá níos teo. Fásann an mac tíre, an fia agus an madadh rua níos mó fionnaidh chun iad féin a choinneáil te.

Athraíonn fionnadh choiníní dath sa tuaisceart sa gheimhreadh. Tiontaíonn sé ó dhonn go bán. Cuidíonn sé seo leo dul i bhfolach ó na hainmhithe a ba mhaith leo iad a ithe. Tugaimid duaithníocht air seo. Téann an racún, an scúnc agus an béar a chodladh don gheimhreadh. Músclaíonn siad anois agus arís chun bia a sheilg.

Ní mhúsclaíonn an chipmunc. San fhómhar, itheann sé an méid sin de bhia go bhfuil sé deacair dó seasamh suas. Ansin faigheann sé áit dheas the agus téann sé a chodladh go dtí an t-earrach. Bíonn an aimsir níos fearr san earrach. Tugaimid geimhriú ar an chodladh fada seo.

Credits:

Created with images by Kapa65 - "birds geese migratory birds" • NakNakNak - "bear brown bear hibernation"