Loading

Corn an Domhain

Gach ceithre bliana, tagann domhan an spóirt le chéile don chomórtas spóirt is mó ar an phláinéad, Corn an Domhain. Má tá suim agat sa sacar, tá an t-ádh ort nuair a thosaíonn sé i mí an Mheithimh mar bíonn cuid mhór le feiceáil ar an teilifís le 2 nó 3 cluiche gach lá.

Bíonn 32 foireann ag glacadh páirte i gCorn an Domhain gach bliain. Bíonn 8 ngrúpa ann le 4 foireann i ngach grúpa. Imríonn na foirne in éadan a chéile thar chúpla seachtain agus faigheann siad 3 phointe má bhaineann siad cluiche, nó 1 pointe má fhaigheann siad comhscór. I ndiaidh na 3 cluichí, téann an dá fhoireann is fearr ón ghrúpa tríd chuig an chéad bhabhta eile. Imríonn na foirne in éadan a chéile ina dhiaidh sin agus, má chaileann foireann, sin é, tá siad as agus téann siad abhaile. Téann na cluichí seo ar aghaidh go dtí nach bhfuil fágtha ach dhá fhoireann agus imríonn siad beirt sa chluiche ceannais.

Sa bhliain 2018, tharla Corn an Domhain sa Rúís. Ceithre bliana roimhe sin, tharla sé sa Bhrasaíl. I 2010, bhí sé ann san Afraic Theas. Fadó, fadó, sa bhliain 1966, bhí Corn an Domhain ann sa Bhreatain, bhain Sasana an corn sa bhliain sin.

Is é an Bhrasail an fhoireann is fearr riamh i gCorn an Domhain mar bhain siad é 5 uaire go dtí seo. Is í an Ghearmáin an dara foireann si fearr i stair an Choirn, mar bhain siad é 4 uaire. Ba é 1994 an bhliain is fearr d’Éirinn nuair a bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach. Chaill siad in éadan na hIodáile.

Credits:

Created with images by QuinceCreative - "trophy russia soccer" • Pexels - "people soccer stadium"