Loading

Glóthach le Fathach

Tráthnóna deas a bhí ann agus bhí Ricí agus Nóra ag súgradh. Go tobann, chuala siad trup ón trunc mór trom.

D’oscail Ricí an trunc agus chonaic sé pictiúr, dún a bhí ann. Thóg Nóra an pictiúr den dún.

Go tobann, bhí na páistí ag dún mór ard.

“Tá mé ag mothú tinn,” arsa Ricí agus imní air.

“Tá mise tógtha,” arsa Nóra agus áthas uirthi.

Bhí bóthar mór fada ann agus bhí sruthán fada uisce ann fosta. Chonaic na páistí fathach ag siúl síos an bóthar. Bhí an fathach ag siúl go gasta.

“Go gasta! Go gasta!” arsa guth sa dún. “Tá an fathach ag teacht. Tá an fathach ag teacht.”

D’oscail an doras mór ard agus rith na páistí isteach.

Bhí gasúr beag sa dún agus bhí imní air.

“Cé thusa?” arsa Ricí leis.

“Is mise Seán. Tá an fathach ag teacht. Tá an fathach ag teacht. Ní thig linn fanacht anseo,” arsa an gasúr agus é ag crith.

D’amharc Nóra thart, bhí gach rud sa dún iontach, iontach mór ar fad. Bhí an scáthán iontach mór agus bhí na rotha ar an rothar iontach mór fosta.

“Níl rud ar bith beag sa dún seo,” arsa Nóra. “Tá gach rud iontach, iontach mór.”

“Tá an fathach ag teacht! Tá an fathach ag teacht,” arsa Seán arís.

Go tobann, d’oscail an doras agus tháinig scáth mór isteach sa dún. Bhí Ricí agus Seán cromtha síos ar chúl Nóra ach ní raibh imní ar bith ar Nóra. Bhí sí iontach cróga.

Tháinig an fathach mór isteach agus chonaic sí na páistí.

“Páistí! Páistí! Is maith liom páistí,” arsa an fathach. “Ar mhaith libh súgradh liom?”

Thóg an fathach sona na páistí ina lámh agus ní raibh imní ar Ricí nó Seán. Chuir sí na páistí síos ar an tábla mór agus fuair sí glóthach agus spúnóga.

“Ithigí libh. Ithigí libh,” arsa an fathach sona leis na páistí.

D’ith na páistí glóthach agus rinne siad súgradh an lá ar fad. Níor tharla rud ar bith olc do Ricí nó Nóra nó Seán agus bhí Seán iontach sona sa dún anois.

Chonaic Ricí pictiúr dá thrunc mór trom ar an tábla agus thóg sé é.

Go tobann, bhí na páistí sa teach arís agus bhí scáth mór ag teacht ón doras.

“Ar mhaith libh glóthach?” arsa Mamaí.