Loading

Éisc ag Análú

Cosúil le daoine, tá ocsaigin de dhíth ar éisc le fanacht beo. Is gas é ocsaigin atá ar fáil in aer agus in uisce. Análaíonn daoine ocsaigin ón aer leis na scamhóga tríd an srón nó an béal. Ach úsáideann éisc na gáilligh chun ocsaigin a fháil ón uisce.

Ar dtús, osclaíonn an t-iasc a bhéal le ligean don uisce dul isteach. Nuair a dhruideann siad an béal, brúitear an t-uisce tríd na gáilligh. Glacann an fhuil atá sna gáilligh an ocsaigin ón uisce.

Iompraíonn an fhuil an ocsaigin chuig gach cuid eile den chorp. Téann an t-uisce nach bhfuil de dhíth ar an iasc amach tríd na hoscailtí sna gáilligh.

An chéad uair eile a fheicfidh tú iasc, amharc go cúramach air agus feicfidh tú é ag análú tríd na gáilligh.

Credits:

Created with images by Engin_Akyurt - "the fish fish sea" • paulbr75 - "tropical fish aquarium saltwater"