Loading

Crith Talún

Go díreach faoi thalamh an domhain atá rudaí atá cosúil le plátaí. Tagann na plátaí seo le chéile mar mhíreanna méaraí agus bíonn siad ag bogadh go hiontach fadálach. Nuair a thagann na píosaí seo le chéile bíonn siad ag cuimilt agus ag brú le chéile. Nuair a bhrúnn na píosaí seo le chéile le fórsa mór, tarlaíonn crith talún.

Bogann an talamh agus critheann gach rud le linn chrith talún. In amanna titeann foirgnimh, agus gortaítear nó maraítear daoine agus ainmhithe. In amanna scriostar cathracha iomlána ar fad.

Tá eolaithe ag foghlaim níos mó agus níos mó fá chreatha talún. Cuidíonn inneall darb ainm seismeagraf leo. Tá a fhios ag eolaithe cad chuige a dtarlaíonn creatha talún agus cá háit a dtarlaíonn siad. Ach níl siad cinnte go fóill fá cá huair a tharlóidh siad.

Credits:

Created with images by Angelo_Giordano - "earthquake rubble collapse" • Angelo_Giordano - "earthquake rubble collapse"