Loading

An tOllphanda

Má tá ollphanda ag zú, tá ádh leis, mar go dtiocfaidh na mílte chun é a fheiceáil. Ach bheadh ort dul go Washington DC, Páras, Tóiceo, an Chóiré Thuaidh nó an tSeapáin chun ceann a fheiceáil lasmuigh dá thír dhúchais, an tSín.

Ming an t-ainm a bhí ar an chéad ollphanda a bhí ag Zú Londain. Duine darbh ainm Floyd Tangier Smith a thug go dtí an Bhreatain ón tSín é sa bhliain 1938.

Níor chuala na daoine san Eoraip faoin ollphanda go dtí 1869. Tháinig sagart Francach, Pére David, ar sheithe (fionnadh) ollphanda, ní fhaca sé rud cosúil leis riamh ina shaol, ach bhí sé ró-chostasach dul sa tóir ar cheann beo. Sa deireadh, cheannaigh zú-eolaí Gearmánach ollphanda beag ó dhuine a raibh cónaí air i gceantar sléibhte sa tSín. Ní raibh sé ábalta é a thabhairt abhaile leis, áfach, fuair sé bás.

Ach bhí suim mhuintir na hEorpa agus an Mheiriceá múscailte ann. Thosaigh daoine ag triall ar an tSín. Bhí rás ann idir Ruth Harkness ó Mheiriceá agus Floyd Smith chun ceann a thabhairt ar ais ar dtús.

D’éirigh le Ruth Harkness an bua a fháil lá nuair a thug sí ollphanda abhaile léi go Zú Brookfield, Chicago. Su-Lin an t-ainm a bhí ar an ollphanda sin. B’in sa bhliain 1936 ach fuair sé bás bliain ina dhiaidh sin nuair a ghreamaigh píosa adhmaid ina scornach.

Ceann de na deacrachtaí a bhaineann le cothú an ollphanda i zú ná nach n-itheann sé rud ar bith ach péaca bambú. Is breá leis dul ar á lorg a shléibhte na Síne agus iad faoi shneachta.

Credits:

Created with images by jonleong64 - "panda panda bear zoo" • wal_172619 - "panda bamboo bear"