Loading

Siúlóid san Earrach

Bhí Daidí agus na páistí ag déanamh réidh le dul amach ar siúlóid.

“Níl bhur hataí agus scairfeanna de dhíth,” arsa Daidí. “Tá an geimhreadh thart agus tá an t-earrach ann. Ní bhíonn sé chomh fuar sin san earrach agus a bhíonn sé sa gheimhreadh.”

Chuir Ricí agus Nóra a gcótaí orthu agus d’fhan siad le Daidí ag an doras. Thóg Daidí an scáth fearthainne agus chuaigh siad amach. Bhí scamaill liatha sa spéir ach ní raibh sé ag cur.

Stop Daidí ag bun an bhóthair agus dhírigh sé a mhéar i dtreo bláthanna i ngairdín.

“Amharcaigí ar an bhláth beag bán sin,” ar seisean leis na páistí. “Is plúirín sneachta é agus is é an chéad bhláth a thagann amach san earrach é.”

Shiúil siad ar aghaidh agus stop Daidí arís ag páirc ina raibh cuid mhór bláthanna buí.

“Amharcaigí ar na bláthanna buí sin,” arsa Daidí leis na páistí arís. “Is lusanna cromchinn iad, tagann siad amach san earrach fosta.”

Shiúil siad ar aghaidh agus stop siad ag páirc a bhí ina aice le feirm.

“Amharc ar an uan beag bán sin,” arsa Nóra. “Nach bhfuil sé galánta?”

“Agus amharc sa chrann sin,” arsa Ricí. “Tá nead á dhéanamh ag an éan sin.”

“Sin ceart,” arsa Daidí, “tagann ainmhithe óga ar an saol san earrach fosta.”

“Is maith liom an t-earrach,” arsa Nóra, “mar bíonn plandaí ag fás arís agus bíonn ainmhithe óga ann.”

“Is fearr liom an samhradh,” arsa Ricí, “mar ní bhíonn scoil ann!!

Credits:

Created with images by MabelAmber - "snowdrop flower plant" • TheOtherKev - "sheep lamb farm"