Loading

An Tearanadón

Nuair a bhí na dineasáir i mbun an domhain is cinnte go raibh an reiptíl pteireach i mbun na spéire. Ba é an ceann is mó iontas de na reiptílí eitilte seo ná an Tearanadón, mar gheall ar a eiteoga ollmhóra a bhí níos mó ná seacht méadar ar fad. Cosúil le reiptílí eile, bhí an Tearanadón fuarfhuilteach agus bhí ocsaigin de dhíth air le fanacht beo.

Ciallaíonn an t-ainm Tearanadón ‘le heiteoga agus gan fhiacla’ agus cuireann sin síos ar bheirt de na tréithe is suntasaí den ainmhí. Creideann eolaithe go raibh sé ábalta faoileoireacht a dhéanamh agus chuidigh sin leis eitilt i bhfad ar shiúl ón talamh. Ar ndóigh, tháinig eolaithe ar a n-iontaisí san fharraige, i bhfad (níos mó na 100 km) ar shiúl ón talamh. Bhí matáin agus ailt aige chomh maith agus, mar sin de, creidtear go raibh sé ábalta a eiteoga a ghreadadh fosta.

Bhí gob fada aige agus chuidigh sin leis a bhia (éisc ón fharraige) a fháil nuair a bhí sé ag eitilt. Ní raibh sé ábalta an bia a chogaint (as siocair nach raibh fiacla aige) mar sin, bhí air an bia a alpadh ina iomláine.

Cé go raibh sé chomh mór sin, 2.4 méadar in airde agus eiteoga ollmhóra aige, bhí an t-ainmhí seo iontach éadrom. Bhí meáchan de thart faoi 17 kg orthu, an meáchan céanna de pháiste trí bliana d’aois.

Fuarthas iontaisí de na hainmhithe seo sa Mheiriceá, áit a ndearna sé cónaí ar an chósta thart faoi 60 milliún bliain ó shin. Is iontach an rud é go raibh cnámharlach iomlán den ainmhí seo atollnn in amanna as siocair go bhfuil na cnámha toll agus measartha mín.

Credits:

Created with images by Unknown - "Royalty-Free photo: Closeup photo of flying dinosaur near ..." • Unknown - "Pterodactyl Dinosaur Ancient · Free vector graphic on Pixabay"