Loading

Aichill

Laoch mhór ón Ghréig a bhí in Aichill. Mhair sé na blianta fada ó shin. Nuair a bhí Aichill ina bhabaí beag bídeach, thum a mháthair é isteach in abhainn na Stiocs é. Chreid na Gréagaigh gur choinnigh uisce na Stiocs slán sábháilte iad. Nuair a thum máthair Aichill isteach san abhainn é, choinnigh sí greim ar sháil a choise. Seo an t-aon chuid den chorp nach raibh faoin uisce.

Nuair a d’fhás Aichill lánfhásta, bhí an Ghréig i mbun cogaidh leis an Traí. Ní raibh máthair Aichill ag iarraidh go rachadh a mac a throid sa chogadh ach bhí Aichill ag iarraidh dul amach a throid ar son a thíre. Shíl sé go mbeadh sé sábháilte mar gur tumadh isteach sa Stiocs é agus é ina bhabaí.

Throid Achill leis ar feadh i bhfad, ach ansin d’éirigh sé as an chogadh. Chuir cara Aichill cathéide Aichill air féin le go sílfeadh muintir na Traí go raibh Aichill go fóill ag troid. Ach mharaigh prionsa ón Traí darb ainm Eachtar é.

Bhí Aichill chomh feargach sin nuair a maraíodh a chara go ndeachaigh sé isteach in arm na Gréige arís. Mharaigh sé Eachtar mar dhíoltas agus tharraing sé a chorp ar fud chathair na Traí taobh thiar dá charbad. Bhí prionsa eile de chuid na Traí, Páras, ag fanacht leis agus scaoil sé saighead nimhe leis. Chuaigh an tsaighead seo isteach i sáil Aichill, an t-aon chuid dá chorp nach raibh istigh in abhainn na Stiocs, agus fuair Aichill bás.

Tá an téarma ‘Teannán Aichill’ againn mar gheall ar an fhinscéal seo ón Ghréig. Tá Teannán Aichill le fáil taobh thiar de do rúitín, os cionn sháil do choise. Ceanglaíonn sé matán do cholpa le sail do choise. Más amhlaidh go bhfuil tú iontach láidir, nó iontach maith ag rud ar leith, ach tá laige amháin agat, tugtar do Theannán Aichill air sin.

Credits:

Created with an image by mrdjrlawrence - "ankle calf muscle achilles tendon"