Loading

Na Ceiltigh

Tháinig na Ceiltigh go hÉirinn ó lár na hEorpa fadó. Shroich siad Éire den chéad uair 600 bliain sular rugadh Íosa.

Bhí na Ceiltigh fíochmhar agus bhí eagla ar na Gaeil rompu. Bhí siad maith ag troid agus d’úsáid siad carbaid nuair a rinne siad troid. Ní raibh a leithéid de rud mar charbad ag na Gaeil.

Rinne na Ceiltigh ornáidí as miotail, bhí na hornáidí a rinne siad galánta, go háirithe bróistí agus toirc. D’úsáid siad ór, airgead agus cré-umha chun na hornáidí a dhéanamh.

Ba iad na Ceiltigh a thug an teanga Gaeilge go hÉirinn níos mó ná 2000 bliain ó shin. Labhraítear teanga atá cosúil leis an Ghaeilge sna tíortha seo fosta; Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann agus an Bhriotáin san Fhrainc.

Bhí na Ceiltigh maith ag an fheirmeoireacht. Thóg siad a lán ainmhithe ar an talamh agus bhí tú iontach saibhir sna laethanta sin má bhí cuid mhór ainmhithe agat. Chuir siad rudaí ag fás sa talamh fosta, eorna is mó a d’fhás siad ag an tús ach níos moille chuir siad rudaí eile ag fás, líon mar shampla agus plandaí a chuirfeadh dath deas ar éadaí.

Bhí scríbhneoireacht ag na Ceiltigh darbh ainm Ogham. Ghearr siad línte ar phíosaí de chlocha chun focail agus abairtí a scríobh. Is féidir scríbhneoireacht s’acu a fheiceáil go fóill ar chlocha in Éirinn.

Credits:

Created with an image by Darelle - "church font celtic"