Loading

An Madadh agus an Rón

Lá galánta a bhí ann agus bhí madadh ag súgradh le liathróid ar an trá. Bhí an madadh sona sásta ag súgradh, ag rith suas agus síos an trá sa tóir ar an liathróid.

Bhí rón ag snámh san uisce agus chonaic sé an madadh ar an trá. Stop an rón le hamharc agus chonaic sé an liathróid.

“Óóóo, is maith liom an liathróid sin,” arsa an rón leis féin. “Ba mhaith liom súgradh leis an liathróid sin. Is maith liom liathróid a chur ar mo shrón agus léim isteach agus amach as an uisce.”

D’fhan an rón san uisce ag amharc ar an liathróid agus an madadh ag súgradh leis.

Go tobann, roll an liathróid rófhada agus tháinig sé chuig an uisce. Go gasta, chuaigh an rón ag snámh tríd an uisce leis an liathróid a fháil.

Tháinig an madadh agus an rón chuig an liathróid ag an am céanna. Stop siad agus d’amharc siad ar an liathróid. D’amharc an madadh ar an rón go crosta.

“Is liom an liathróid sin,” arsa an madadh leis an rón.

“Ba mhaith liom súgradh leis an liathróid sin,” arsa an rón.

“Is liomsa an liathróid sin,” arsa an madadh, “agus níl tú ag súgradh.”

Leis sin, léim an rón ar an liathróid agus léim an madadh ar an liathróid fosta. Roll an liathróid suas agus síos ar an uisce agus ní raibh an madadh ná an rón ábalta an liathróid a fháil. Chuir an rón a dhá lapa thart ar an liathróid ach bhí an liathróid fliuch agus roll sí amach arís. Ansin, fuair an madadh gréim ar an liathróid ina bhéal ach chuir sé poll sa liathróid; bhí an liathróid pollta.

Stop an madadh agus an rón agus d’amharc siad ar an liathróid phollta go brónach.

Credits:

Created with images by Counselling - "seal sea dog" • Pexels - "ball beach happy"