Loading

Bó sa Chlós

Bhí bó sa chlós ar maidin. Chuaigh mé chuig an chlós agus bhí sí ina seasamh ansin, ag amharc ar na páistí. Bhí na páistí eile ina seasamh sa chlós fosta, ag amharc ar ais ar an bhó.

Bhí na múinteoirí ann fosta, ach ní raibh duine ar bith acu ag déanamh rud ar bith, bhí siad ina seasamh leis na páistí ag amharc ar an bhó sa chlós. Bhí poll sa sconsa thart ar an scoil agus is cosúil gur shiúil sí isteach ón fheirm béal dorais.

Tháinig an príomhoide agus chonaic sé an bhó.

“Fanaigí siar, a pháistí!” ar seisean agus shiúil sé a fhad léi.

D’amharc an bhó ar an phríomhoide.

“Scuit,” arsa an príomhoide, mar go raibh sé ag caint le cat nó madadh.

“Mú,” arsa an bhó, agus níor bhog sí.

“Imigh leat!” arsa an príomhoide, ag bualadh a bhos leis an bhó.

“Mú,” arsa an bhó arís, ach gó fóill níor bhog sí.

Leis sin, tháinig Séimí Ó Sé ar scoil. Tá feirm ag a dhaideo le ba agus caoirigh agus muca.

“Cén fáth a bhfuil bó sa chlós?” ar seisean liom.

“Tháinig sí ón fheirm béal dorais, tríd an pholl sa sconsa,” arsa mise.

“Cán fáth a bhfuil an príomhoide ag tabhairt bualadh bos di?” ar seisean.

“Ba mhaith leis an ruaig a chur uirthi,” arsa mise.

Leis sin, shiúil Micí a fhad leis an bhó agus fuair sé greim ar an strapa thart ar a muineál agus thug sé í chuig an pholl sa sconsa. Thug sé buille beag ar an tóin don bhó agus rith sí tríd an pholl sa sconsa, isteach ina páirc féin.

“Bualadh bos do Mhicí Ó Sé!” arsa mise os ord agus thosaigh gach duine ag bualadh bos, fiú amháin an príomhoide!