Loading

An Froc agus an Blús

Bhí Mamaí agus Nóra sa siopa. Bhí an pram ag Nóra agus bhí Mamaí ag amharc ar rud.

“Tá an froc seo deas,“ arsa Mamaí. “An maith leat é, a stór?”

“Ní maith,” arsa Nóra.

“Tá an blús corcra seo deas,“ arsa Mamaí. “An maith leat é, a stór?”

“Ní maith,” arsa Nóra.

“Amharc, sin bróg atá deas,” arsa Mamaí. “An maith leat í, a stór?”

“Ní maith,” arsa Nóra.

D’amharc Mamaí go crosta ar Nóra.

“Cad é a ba mhaith leat, mar sin de?” arsa Mamaí.

D’amharc Nóra suas agus chonaic sí froc glas.

“Is maith liom an froc glas sin,” arsa Nóra.

D’amharc Mamaí ar Nóra agus thóg sí an froc glas.

“Is maith liom an blús gorm sin,” arsa Nóra.

D’amharc Mamaí ar Nóra agus thóg sí an blús gorm.

Fuair Mamaí an blús gorm agus an froc glas agus chuaigh siad amach.

Sa teach, chuir Nóra an blús gorm agus an froc glas uirthi. D’amharc Mamaí ar Nóra agus d’amharc an babaí uirthi fosta.

“Tá tú galánta, a stór,” arsa Mamaí.