Loading

Na Réaltaí sa Spéir

Bíonn spéir na hoíche iontach soiléir go minic san Fhómhar. Má tá déshúiligh agat amharc ar an ghealach agus feicfidh tú na cráitéir. (Ní ceart amharc ar an ghrian trí dhéshúiligh riamh nó beidh tú dall!). Bíonn léarscáileanna ag cuid mhór nuachtán a chuideoidh leat na réaltaí nó na réaltbhuíonta a aithint. As siocair go bhfuil an domhan ag tiontú go fadálach, bíonn an chuma ar na réaltaí go bhfuil siad ag bogadh go fadálach trasna na spéire.

Níl ach réalta amháin ann a fhanann san áit céanna, is é sin an Réalta Thuaidh as siocair go bhfuil sé díreach os cionn an Mhoil Thuaidh. Bíonn éin ag úsáid an Réalta Thuaidh nuair atá siad ag déanamh imirce, cuidíonn sí leo eolas a fháil ar cá háit a bhfuil siad ag dul. Déanann mairnéalaigh an rud céanna. Shíl daoine fadó gur ba ghnách le fáinleoga eitilt go dtí an ghealach (thart faoi 684,000 km ar shiúl). Leis an fhírinne a dhéanamh, is é an turas imirce is faide a rinne éan ná an turas a dhéanann an Gheabhróg Artach gach bliain. Eitlíonn an t-éan seo thart ar an domhan uair amháin gach bliain, is é sin 40,000 km achan bhliain.

Credits:

Created with images by Unknown - "Polaris comp s | Polaris star Credit: DSS / Giuseppe ..." • Unknown - "arctic tern, silhouette, flying tern, flying, lake ..."