Loading

Siorc!

Lá galánta a bhí ann agus bhí Daidí agus na páistí ag dul chuig an trá ar an traein. Bhí an ghrian go hard sa spéir agus ní raibh scamall ar bith ann.

“Ba mhaith liom peil a imirt ar an trá,” arsa Ricí.

“Ba mhaith liom snámh san uisce,” arsa Nóra.

“Ba mhaith liom luí siar ar an trá agus sos a bheith agam,” arsa Daidí.

Bhain siad an trá amach ar a haon a chlog. Ní raibh mórán ar an trá agus fuair siad áit mhaith taobh leis an uisce.

D’imir Ricí, Nóra agus Daidí peil. Ba mhór an sult a bhain siad as.

“Ba mhaith liom rud le hól,” arsa Daidí, “ar mhaith libhse deoch?”

“Ba mhaith liom cóc,” arsa Ricí.

“Ba mhaith liom uisce,” arsa Nóra.

“OK,” arsa Daidí. “Thig libh fanacht anseo ach ná gabh isteach san uisce go dtí go bhfuil mé ar ais."

Chuaigh daidí chuig an veain le deoch a fháil.

“Tá mise ag dul isteach san uisce,” arsa Nóra.

“Ná gabh isteach san uisce,” arsa Ricí ach rith Nóra isteach san uisce go gasta.

D’amharc Ricí amach ar Nóra agus chonaic sé eite mhór san uisce.

“Siorc!” a scread Ricí. “Siorc! Tá siorc san uisce, a Nóra!”

Chonaic Daidí gach rud ón veain agus thosaigh sé ag rith ar ais go gasta.

D’amharc Nóra siar agus chonaic sí an eite mhór san uisce fosta. Thosaigh sí ag snámh go gasta ar ais chuig an trá. Bhí Nóra gasta ach bhí an siorc níos gasta.

“Go gasta! Go gasta, a Nóra!” a scread Daidí ach ní raibh Nóra gasta go leor.

Tháinig an rud le heite mhór taobh le Nóra agus chuir sé a cheann suas, amach as an uisce. Ní siorc a bhí ann ar chóir ar bith ach deilf. Rinne Ricí gáire ach tháinig Nóra ar ais chuig an trá go slán. Bhí imní uirthi go fóill.

Bhí Daidí crosta le Nóra mar chuaigh sí isteach san uisce gan cead ach thug sé barróg di.

Chaith Daidí, Ricí agus Nóra an chuid eile den lá ag súgradh leis an deilf san uisce.