Loading

An Chéad Eitilt

I 1783, d’eitil dochtúir Francach darb ainm Pilatre de Rozier suas san aer i mbalún. I ndiaidh na chéad eitilte seo, rinne cuid mhór daoine iarracht eitilt i mbalúin ach ní raibh siad ábalta iad a stiúradh go rómhaith. Chuaigh siad cibé áit a ndeachaigh an ghaoth. Thosaigh daoine ag obair ar mheaisín eitilte a bheadh duine ábalta a thiomáint agus a stiúradh.

B’iad Wilbur agus Orville Wright na chéad dhaoine a d’eitil in eitleán a raibh inneall aige. D’eitil siad a n-eitleán, The Flyer I, ag Kitty Hawk, i dTuaisceart California i 1903. D’fhan an t-eitleán san aer ar feadh thart fá 12 soicind agus thaisteal sé beagnach 37 méadar. Mhair an ceathrú heitilt ar feadh bomaite, beagnach, agus thaisteal sé 260m!

Tá eitleán againn anois –scairdeitleáin ollmhóra –atá ábalta eitilt fá choinne uaireanta gan stopadh agus tá balúin ábalta dul thart ar an domhan gan stopadh chomh maith!

Credits:

Created with images by fietzfotos - "balloon hot air balloon freedom" • comuirgheasa - "bray wicklow ireland"