Loading

Deilfeanna

Cé go gcónaíonn siad in uisce, ní éisc deilfeanna ach mamaigh na mara. Ciallaíonn sin go bhfuil siad aon-teasach agus go gcothaíonn siad a n-óga le bainne. Tugtar bó ar an deilf bhaineann, tugtar tarbh ar an deilf fhireann agus tugtar lao ar an deilf óg. Cónaíonn siad i scoil nó ráth atá déanta de 10 nó 12 deilf. Déanann siad cónaí i ngrúpaí móra sa dóigh is go dtig leo iad féin a chosaint ó chreachóirí. Faoi láthair, tá 36 cineálacha difriúla de dheilfeanna sáile agus 5 speiceas de dheilfeanna abhann ann. Tá difríochtaí móra ann maidir le méid na ndeilfeanna. Tá fad de thart fá 4 throigh ag deilf Maui, ach thig leis an chráin dhubh bheith chomh fada le 30 troigh nó níos faide.

Is feoiliteoirí iad deilfeanna. Tá a fhios go n-itheann siad réimse leathan de bhia. Itheann an chuid is mó de na speicis éisc, scuid agus crústaigh, ach déanann an chráin dhubh agus an chráin dhubh bhréige seilg ar mhamaigh mhara níos mó. Tá thart fá 100 fiacail ag deilfeanna a úsáideann siad le greim a fháil ar bhia, ach ní thig leo a mbia a chogaint agus alpann siad an bia ina iomláine de bharr nach bhfuil matáin ghialla acu. Ní ólann deilfeanna sáile uisce ón fharraige de bharr go bhfuil i bhfad barraíocht salainn in uisce na farraige, rud a chuirfeadh tinneas orthu nó a mharódh iad. Ní bhíonn uisce de dhíth orthu le fanacht beo agus faigheann siad an chuid is mó den uisce s’acu ón bhia.

Thig le deilfeanna fanacht faoin uisce le suas go 15 bomaite, ach ní thig leo análú faoin uisce. Caithfidh deilfeanna aer a análú, is mar gheall air sin go gcaithfidh siad teacht chuig barr na farraige nuair a bhíonn ocsaigin de dhíth orthu. Análaíonn siad le poll séidte sa cheann s’acu. Tagann deilfeanna ar an saol le poll séidte amháin, rud atá difriúil ón mhíol mór bailíneach a thagann ar an saol le dhá pholl shéidte. Thig le deilfeanna snámh suas le 260 méadar thíos faoi bharr na farraige.

Déanann deilfeanna cumarsáid trí chliceáil, fheadaíl nó fhuaimeanna eile. Tagann na fuaimeanna uilig a chluineann tú amach as na poill shéidte s’acu, ní dhéanann siad fuaimeanna lena mbéil. Déanann deilfeanna cumarsáid fosta leis an chorp trí léimneach amach as an uisce, na heití a bhualadh in éadan an uisce agus trí bhualadh in éadan a chéile. Tá minicíocht uathúil ag gach deilf a ligeann do dheilfeanna eile fios a bheith acu cé atá ag déanamh cumarsáide. Tá sé iontach úsáideach fuaim a dhéanamh le cumarsáid a dhéanamh má tá sé dorcha agus tá droch-léargas ann, mar shampla, san oíche nó nuair a bhíonn siad ag tumadh go domhain faoi bhun na farraige.

Credits:

Created with images by werdepate - "dolphin ocean sea" • AJRPROJ - "sea dolphin blue"