Loading

An Bogha Báistí

In amanna, ag deireadh stoirme, soilsíonn an ghrian amach ó ar chúl na scamall. Agus, amhail draíocht – bíonn leathchiorcal de dhathanna áille sa spéir. Bogha báistí atá ann!

Feictear bogha báistí nuair a shoilsíonn an ghrian tríd na braonta uisce atá san aer. Briseann na braonta uisce an solas suas i ndathanna difriúla.

Tarlaíonn sin in áiteanna eile fosta. Thig leat bogha báistí a fheiceáil i spotaí ola a bhíonn ina luí ar bhóthair atá fliuch. Thig le gloine, scátháin agus bolgáin gallúnaí solas na gréine a bhriseadh suas ina sheacht dathanna. Thig leat bogha báistí a fheiceáil ag eas, is é sin, nuair a théann uan uisce ó abhainn thar aill.

Bíonn na dathanna sa bhogha báistí san ord céanna i gcónaí – dearg, oráiste, buí, glas, gorm, plúiríneach agus corcairghorm.

Credits:

Created with images by sharonjoy17 - "rainbow river nature" • orangetigra - "iceland waterfall river"