Loading

An Carr

Tá carranna ag cuid mhór daoine na laethanta seo ach ar smaoinigh tú riamh ar an dóigh a n-oibríonn carr?

Tá inneall ag gach carr agus, gan an inneall sin, ní bheadh sé ábalta bogadh. Tá ceithre rud de dhíth ar an inneall: ola, peitreal, uisce agus aer.

Tá peitreal cosúil le bia don charr agus ceannaíonn tú peitreal sa gharáiste. Téann an peitreal isteach san inneall agus cuireann an t-inneall na rotha ag casadh. Tá aer de dhíth leis an inneall a choinneáil fuar agus le cuidiú leis an pheitreal na rotha a chur ag casadh.

Cuidíonn ola leis an inneall fosta, mar glanann sé é. Gan ola, bheadh na píosaí uilig den inneall greamaithe le chéile agus ní bheadh an carr ábalta bogadh. Coinníonn an t-uisce an carr fuar; má tá an t-inneall ró-the, pléascfaidh sé agus beidh sé scriosta ar fad.

Tá rud amháin eile de dhíth leis an charr a chur ag dul. Má shuíonn tú sa charr, chaithfidh tú an rud seo a chur isteach i bpoll beag atá in aice leis an roth stiúrtha agus í a thiontú. Tosaíonn sí leis an litir e agus tá seacht litir san fhocal. An bhfuil a fhios agat cad é tá ann?

Credits:

Created with images by Rohwedder - "opel gt antique car" • RoonZ-nl - "car vehicle motor"