Loading

Turas sa Dúlra

Bhí Lúlú agus Nóra ag siúl sa dúlra. Chuaigh siad síos lána a bhí fada agus casta.

Chonaic siad tom ar an lána.

“Amharc ar an tom sin, a Lúlú,” arsa Nóra.

Bhí pluma corcra ag fás ar an tom.

“Ar mhaith leat an pluma corcra seo?” arsa Nóra.

“Ba mhaith,” arsa Lúlú.

“Tá próca agam,” arsa Lúlú agus chuir sí an pluma isteach ann.

Rith na páistí síos an lána agus chonaic siad rúbarb ag fás. Bhí an rúbarb ag fás go hard.

“Ar mhaith leat an rúbarb sin,” arsa Lúlú le Nóra.

“Ba mhaith,” arsa Nóra.

Thóg Lúlú an rúbarb agus thug sí é do Nóra. D’oscail Nóra an próca ach bhí an rúbarb ró-ard. Ní raibh spás ann don rúbarb.

Rith Nóra agus Lúlú síos an lána. Bhí siad ag léim agus ag gáire mar bhí siad sona.

Go tobann, tháinig dordán ón tom.

“Áá!” arsa Lúlú. “Bumbóg."

Rith na páistí go gasta agus stad siad ag sconsa. Bhí Nóra ina tost agus bhí Lúlú ina tost fosta. Bhí dordán ann arís.

Léim Lúlú ar an sconsa agus thit an próca. Roll an pluma amach agus chuaigh an bhumbóg isteach.

Chuir Nóra claspa air agus bhí an bhumbóg gafa. Bhí Nóra agus Lúlú slán

Chuaigh na páistí chuig an teach arís. Thug Nóra an próca dá mamaí agus lig sí an bhumbóg amach. Ní raibh pluma nó rúbarb ag Nóra agus Lúlú ach bhí siad sásta mar bhí lá maith acu ag siúl agus ag amharc ar an dúlra.