Loading

Picnic ar an Trá

Lá gálanta a bhí ann agus bhí Nóra agus Ricí ag súgradh sa ghairdín. Tháinig Daidí amach.

“Tá lá galánta ann inniu.......picnic ar an trá?” arsa Daidí.

Chuagh Mamaí, Daidí, Nóra, Ricí agus an babaí chuig an trá sa jíp. Bhí ocras mór ar Ricí agus Nóra. Bhí tart ar Ricí agus Nóra fosta.

Chuir Daidí ruga síos ar an trá agus chuir Mamaí amparán amach ar an ruga. Thug daidí cupán agus pláta do Ricí agus Nóra.

“Cad é a ba mhaith leat, a Ricí?” arsa Daidí.

“Beidh arán, tráta agus cúcamar agam,” arsa Ricí.

Thug Daidí arán, tráta agus cúcamar do Ricí agus thug sé uisce dó fosta. Bhí Ricí sona sásta.

“Cad é a ba mhaith leat, a Nóra?” arsa Daidí.

“Beidh cáca agus custard agam,” arsa Nóra.

Ní raibh Daidí sásta le Nóra.

“Ní thig leat cáca agus custard a ithe,” arsa Daidí.

“Glac banana agus cúpla sú talún agus ansin beidh cáca agus custard agat.”

“Tá go maith,” arsa Nóra

Thug Daidí banana agus cúpla sú talún do Nóra agus thug sé cóla di fosta. D’ith Nóra an banana go gasta agus ansin d’ith sí cúpla sú talún. Thóg sí an cáca agus custard agus d’ith sí lán spúnóg de.

“Ááááá!” arsa Nóra go hard. “Ní custard sin ach mustard! Tá sé te! Tá sé te!”

Thóg sí an cupán agus d’ól sí.

“Óóóóóó!” arsa Nóra go hard. “Ní uisce sin ach cóla. Ní maith liom cóla!”

“Is amadán mé,” arsa Daidí agus thug sé cupán uisce di.

Ní raibh Nóra sásta lena picnic ar an trá, bhí smut uirthi.

“Tá mé lán go smig anois,” arsa Ricí go sona sásta agus chuir sé an bruscar i mála.