Loading

Cois Trá

Bhí lá galánta ann agus bhí an chlann cois trá. Bhain siad an trá amach ar a dó dhéag a chlog agus rith Ricí agus Nóra caol díreach chuig an uisce. Bhí a gcultacha snámha orthu cheana féin agus chuir Mamaí lóise gréine orthu sular fhág siad an teach.

“Ná bígí ag dul amach ró-dhomhain isteach san uisce,” a scairt Daidí ar na páistí agus iad ag rith síos an trá.

Shiúil Mamaí agus Daidí go réidh go dtí go bhfuair siad áit dheas ar an trá. Chuir Mamaí pluid mhór síos ar an trá agus rinne Daidí poll sa ghaineamh don scáth gréine. D’amharc siad ar na páistí agus iad ag ciceáil uisce ar a chéile. Chroith Daidí le Ricí agus Nóra lena chur in iúl dóibh cá raibh siad agus chroith Ricí ar ais. Leis sin, luigh Daidí síos ar thuáille fada agus dhruid sé a shúile.

Shuigh Mamaí síos agus d’amharc sí isteach sa chiseán le deimhniú go raibh gach rud ann. Bhí ceapairí sicín ann do Ricí agus Mamaí agus ceapairí liamháis ann do Nóra agus Daidí. Bhí criospaí, deochanna, fíonchaora, sútha talún agus cúpla sreang cháise do na páistí. Bhí gach rud ann. Bhí mála eile ann a bhí lán de bhréagáin trá, buicéid agus spáid agus mar sin de.

Roimh i bhfad, bhí Daidí ina chodladh. Tháinig na páistí ar ais agus ghlac siad amach na buicéid agus na spáid.

“An gclúdóidh muid Daidí le gaineamh agus é ina chodladh?” arsa Nóra.

“Cinnte!” arsa Ricí.

Go ciúin, go cúramach agus go fadálach, chuir na páistí gaineamh thart ar Dhaidí. Thosaigh siad leis na ladhracha agus bhog siad suas. Roimh i bhfad, bhí a chorp uilig clúdaithe, ach amháin dá aghaidh agus a cheann.

“Éirigh do do phicnic,” arsa Mamaí agus í ag gáire.

D’oscail Daidí a shúile.

“Cá bhfuil mo chorp?” ar seisean nuair a tháinig sé chuige féin.

Bhí Mamaí agus na páistí sna tríthe gáire, ní raibh Daidí sásta.

Credits:

Created with images by Foundry - "beach shoreline aerial view" • bubbiomarco - "beach sea waves"