Loading

An Seanchaí

An bhfuil scéal ar bith agat? I bhfad ó shin, nuair nach raibh teilifís ná an raidió in Éirinn, bhailigh na daoine i dteach dhuine amháin agus d’éist siad leis an seanchaí. Ba é an seanchaí an duine a raibh cuid mhór scéalta aige. Bhí scéalta de gach cineál aige: scéalta grinn, scéalta faoin stair, scéalta a bhain le púcaí agus scéalta a bhain leis an dóigh a bhfuair áiteanna an t-ainm s’acu.

Thosaigh an seanchaí ag insint na scéalta seo i dtosach an fhómhair agus lean siad ar aghaidh go dtí deireadh mhí Bealtaine. Mar gheall ar an drochaimsir, ní raibh mórán eile le déanamh ag daoine ach bualadh le chéile san oíche. Shuigh an seanchaí os comhair na tine agus bhailigh na daoine thart timpeall air. Las sé a phíopa agus thosaigh sé ar a scéalta a insint. D’fhan na daoine an-chiúin ag éisteacht leis agus bhain siad an-sult as na scéalta. Is minic a bhí scéal an-fhada ag an seanchaí, scéal ó Shamhain go Bealtaine a tugadh air.

Thosaigh nós sna scéalaíochta leis na Fianna fadó agus baineann a lán de na scéalta le Fionn Mac Cumhaill agus Cú Chulainn. Tá scéalta ann faoin dóigh a bhfuair Cú Chulainn a ainm, tá scéalta ann faoin dóigh ar chuir Fionn Mac Cumhaill an ruaig ar an fhathach a tháinig ó Albain agus ar an dóigh a ndearnadh Clochán an Aifir.

Níl mórán seanchaithe fágtha in Éirinn anois ach rinne daoine cnuasach de chuid mhaith de na scéalta a dúirt siad. Tá cuid curtha ar théipeanna sa dóigh is go dtig linn éisteacht leis na scéalta mar a dúradh iad agus tá cuid eile curtha le chéile i leabhair.

Credits:

Created with images by Unknown - "Free picture: old man, elderly, eyeglasses, wrinkle ..." • fsHH - "nature sea stones"